Pleanáil DEIS i Scoileanna Dara Leibhéal
Leagann plean náisiúnta DEIS – plean gnímh do chuimsiú oideachais - béim bhreise ar phleanáil ag leibhéal na scoile aonair mar aon le leibhéal cnuasach scoileanna, ar bheartú spriocanna, agus ar thomhas dul chun cinn agus torthaí, d’fhonn a chinntiú go leanfaidh feabhas i dtorthaí oideachasúla do dhaoine óga infheistiú faoi thionscnamh DEIS.
Tuigeann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go bhfuil próisis phleanála ar bun cheana féin i bhformhór mór na scoileanna. Cabhraionn Ag Breathnú ar an Scoil Againne – Cúnamh le haghaidh féinmheasúnachta i scoileanna dara leibhéal (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2003) le scoileanna ó thaobh phróiseas an athbhreithnithe inmheánaigh, na féinmheastóireachta agus na pleanála de. Is i gcomhthéacs obair na pleanála scoile go ginearálta ba cheart do na scoileanna atá páirteach i gclár náisiúnta DEIS cur chuige saindírithe i leith beartú spriocanna agus athbhreithniú leantach a ghlacadh.
Déanann Roinn 5 de phlean gnímh náisiúnta DEIS foráil d’fhorbairt teimpléad pleanála saincheaptha do na scoileanna atá páirteach in DEIS chun cabhrú leo i leith réiteach na bpleananna trí-bliana DEIS atá á n-iarraidh orthu.
De réir na forála seo, réitigh foireann an TPFS na hábhair thíos chun tacú le próiseas pleanála DEIS ag an dara leibhéal:
- Uirlisí Athbhreithnithe, chun cabhrú le scoileanna comhordú agus anailís a dhéanamh ar a sonraí bonnlíne – is é sin sonraí faoin staid reatha ag a bhfuil siad i gcás gach ceann de na heochair-réimsí – rud a threoróidh roghnú a gcuid spriocanna agus beart le haghaidh feabhsúcháin
- Creat do Phlean DEIS a chuimsíonn teimpléid le haghaidh pleananna gnímh, chun cabhrú le scoileanna taifid a dhéanamh ar na spriocanna i dtreo feabhsúcháin a leagfaidh siad síos do gach réimse, na bearta a bhfuil sé i gceist acu iad a chur i gcrích leis na spriocanna a bhaint amach, agus na socruithe a bhfuil sé ar intinn acu iad a dhéanamh le haghaidh monatóireachta agus meastóireachta
- Meabhrán Mínithe, chun eolas a chur ar fáil do scoileanna faoi phróiseas pleanála DEIS agus faoi úsáid na n-uirlisí agus na dteimpléad a réitigh an TPFS chun tacú leis an bpróiseas sin
Tá na hábhair thíos ar fáil anois le híoslódáil:
| Teideal | Íoslódáil |
|
1. |
Uirlisí Athbhreithnithe | DOC |
2. |
Creat Phlean DEIS | DOC |
3. |
Meabhrán Mínithe | DOC |
3a. |
Aguisín leis an Meabhrán Mínithe: Spriocanna agus Beartú Spriocanna |
DOC |
4. |
Gluais | DOC |
Tá tuilleadh eolais agus comhairle maidir le pleanáil DEIS agus feidhm na n-ábhar acmhainní seo ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Réigiúnach de chuid an TPFS.
Tá sé mar aidhm ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbeadh an chéad phlean trí- bliana DEIS réitithe ag gach scoil faoi lár 2009.
Acmhainní Breise
| Teideal | Údar | Formáid |
| Resources for Developing a School-Wide Approach to Literacy (Colour Version) |
JCSP Team | |
| Resources for Developing a School-Wide Approach to Literacy (Black and White - Printer Friendly Version) |
JCSP Team | |
| Resources for Developing an Integrated Numeracy Plan | JCSP Team | |
| HSCL—Review Instruments for DEIS Schools | HSCL National Team | |
| The HSCL Scheme in Ireland—From Vision to Best Practice | HSCL National Team | |
| SCP—Guidelines towards Best Practice | SCP Support Unit | |
| SCP—Guidelines on Identifying Students at Risk of Early School Leaving | SCP Support Unit | |
| SCP—Student Referral Procedures and Support Programme Guidelines | SCP Support Unit |
Tá sonraí faoin Teastas Sóisearach – Clár Scoile agus faoin raon leathan tacaíochtaí agus ábhar atá réitithe ag Foireann an TSCS ar fáil ar shuíomh gréasáin an TSCS — www.jcsp.ie. Féach www.jcspliteracy.ie chomh maith i gcomhair ábhar chun tacú le straitéisí litearthachta agus uimhearthachta.
Tá sonraí faoin Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail mar aon le treoirlínte i leith dea-chleachtais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta—www.education.ie – sa chuid sin den suíomh a phléann le Cuimsiú Sóisialta.
Tá sonraí faoin gClár Críochnaithe Scoile, mar aon le raon treoirlínte i leith aithint agus tacú le daltaí atá i mbaol luathfhágála scoile agus i leith riarachán an Chláir Chríochnaithe Scoile ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta —www.education.ie – sa chuid sin den suíomh a phléann le Cuimsiú Sóisialta.


